Chuaigh Aodh ar scoil an Eadáin, 2.5 míle uaidh i mbealach na nGleannta, shiúladh siad na scoile agus ní raibh mórán foscadh ar an bhealach. Máistir Mac Diarmada a bhí aige agus Gráinne Nic A Luain. D’fhan sé ar an bhunscoil go raibh sé cúig bliana déag d’aois agus ina dhiaidh sin chuaigh sé ag obair ar lá phá ag déanamh jabanna ar bith a bhí le déanamh, obair mhóna nó obair féir.